Coirnéal na Gaeilge (Irish corner)
Published in News, Senior Football
Tuesday, 24 March 2015 8:19 pm
COIRNÉAL NA GAEILGE
An bhfuil réabhlóid teanga na gcluichí Gaelacha ar na bacáin?
Sin an cheist atá ar bheola na nGael i ndiaidh gur fhógair Bord CLG Thír Eoghain go mbeadh ‘Coirnéal na Gaeilge’ ann i bPáirc Uí hÉilí ar an Ómaigh Dé Sathairn le haghaidh an chluiche sraithe idir na Lámha Dearga agus Doire.
Is é atá i gceist leis an choirnéal seo ná go mbeidh limistéar sainithe ann do chainteoirí Gaeilge inár féidir leo suí le chéile agus a dteanga a labhairt i gcomhluadar Gaelach.
“Tá muid ag iarraidh ar thacadóirí a bhfuil Gaeilge acu teacht le chéile sa limistéar seo ionas go mbeidh siad in ann an teanga a úsáid gan stró agus í a dhéanamh ina dlúthchuid dá saol sóisialta,” arsa urlabhraí ar son an Bhoird Chontae.
Feictear go mbeadh an-tionchar ag coirnéil Ghaeilge mar seo i staideanna eile ar fud na hÉireann – samhlaigh an chantaireacht lán-Ghaeilge ón chuid seo den pháirc! – agus go mbeadh tábhacht ar leith ag a leithéid de chur chuige ag Ceanncheathrú CLG ach go háirithe.
Ceann de na bundeacrachtaí a bhíonn ag pobal na Gaeilge ná nach seasann muid amach ón slua agus nach féidir Gaeil eile a aithint go héasca gan aithne bheith agat orthu roimh ré nó muna gcluineann tú iad i mbun comhrá.
Sáraíonn an coincheap nua seo na fadhbanna sin agus tugann sé guth as an úr do chainteoirí Gaeilge ag cluichí CLG.
Cad é bhur meas mar sin, an mbeifeá sásta suí le Gaeil eile agus dul i bhfeidhm go glórach ar an chuid eile den pháirc?
Ar chóir Coirnéal Gaeilge bheith i bPáirc an Chrócaigh? Sin é ceist eile mar a déarfhá!